+353 89 483 3793 info@dinglepublishing.com

Gradaim Foilsitheoireachta 2024 bronnta!

Gradam Ui Shuilleabhan

Ar an 23 Meán Fómhair 2024 in Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2024: Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Dingle Publishing, ar son an leabhair, Crainn & Toir le Máirín Uí Chonchubhair. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Na Trí Mhuicín a scríobh Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Éabhlóid, ar son an leabhair, Athmháthair, aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia.

On 23 September 2024, at a night of celebration for Irish language publishers and writers in An Taibhdhearc theatre in Galway, An tOireachtas, in conjunction with Foras na Gaeilge, announced the winners of the 2024 Publishing Awards: Gradam Réics Carló (Book of the Year for the Young Reader); Gradam Uí Shúilleabháin (Book of the Year for the Adult Reader) and Gradam de Bhaldraithe (an award for work translated into Irish from another language).

Gradam Uí Shúilleabháin was presented to the publishing house, Dingle Publishing, for Crainn & Toir by Máirín Uí Chonchubhair. Gradam Réics Carló was presented to the publishing house Futa Fata for Na Trí Mhuicín written by Áine Ní Ghlinn and illustrated by Paddy Donnelly. Gradam De Bhaldraithe was awarded to Éabhlóid for Athmháthair, a translation from Italian by Máire Nic Mhaoláin of Accabadora by Michela Murgia.
Comhghairdeas leis na buaiteoirí uilig!

Irish Academic Press
“Siobhán is a highly experienced publishing professional offering the full suite of services for authors and publishers alike. It was a pleasure to work with her on a recent project and I wouldn’t hesitate to recommend her, and look forward to working with her again.”

Conor Graham, Publisher, Irish Academic Press

Dingle Publishing Services, Árd na Caithne, Ballyferriter, Tralee, Co Kerry
Email: info@dinglepublishing.com • Tel: +353 89 483 3793